Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Domhnaill Family > No Dowry > A Mháithrín Dhíleas

No Dowry A Mháithrín Dhíleas
Credits : Traditional; arranged by Maighread Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill & Dónal Lunny
Appears On : No Dowry
Language : Gaeilge (Irish Gaelic)

Lyrics :

A mháithrín dhíleas, ó tá sé ag imeacht
Is ní ligfidh an náire domh a rá leis fanacht
Bhéarfainn sin dó agus oiread eile
Gan a dhul a choíche go Contae Shligigh

A mhaithrín dhíleas ó, tabhair mé féin dó
Ó tabhair na ba agus na caoirigh go léir dó
Imigh féin a dh'iarraidh déirce
Is ná tar a' m'fhéachaint aniar ná siar duit

Ó iníon bheag bheadaí, ní thabharfaidh mé dé thú
Cha dtabhairim na ba ná na caoirigh go léir dó
Sara n-imeoinn féin a dh'iarraidh déirce
Don aon mhac bodaigh ar beathaíodh in Éirinn

A ghrá is a ghrá ná tréig do leannán
Ná pós bean ghránna mar gheall ar eallach
Ná is beag an poll a bhfuígfí in bearach
Ó tá muid óg agus dhéanfaidh muid soláthar

Ó tá mo ghrása taobh istigh de gheaftaí
Agus lásaí airgid lena hata
É ag ól fíon, as cupaí geala
Ó's a rí dá bhféadfadh go mbeinn ina aica